Is ag an ádh a tógadh Baile Átha Buí, áit a mbíodh daoine ag dul trasna na habhann, am éigin sa 6ú h-aois AD. Bhí tábhacht leis an áit trasnaithe seo mar go raibh córas bóithre ag díriú ar Áth Buí leis na cianta roimhe sin. Is san áit a dtáinig na bóithre sin le chéile a d’fhás an baile. Bhí na Draoithe Ionnaithe ar Chnoc Thlachtga fadó, in aice le Baile Átha Buí.
Tháinig na h-ionróirí Normannacha go hÁth Buí sa bhliain 1180. Ba é plean na Normannach ná caisleán agus ballaí móra a thógáil timpeall ar bhailte tábhachtacha. Thóg na Normannaigh cearnóg de bhallaí ón abhainn siar chomh fada leis an áit a bhfuil an Séipéal Chaitliceach anois agus ó Pháirc ‘Scarlet’ (Ascal Barnes) go dtí cúl na dtithe atá ar thaobh iarthuaisceart na príomhshráide. Bhronn Rí Shasana, Anraí VII, cairt ar an mbaile sa bhliain 1497 agus faoin bhliain 1500 ba é an daingean Páile ba faide siar ag an am.
Le linn Éirí Amach 1641, thóg Eoghan Rua Ó Néill seilbh ar an mbaile. In aimsir Chromail tar éis bhriseadh an Éirí Amach, d’aistrigh úinéireacht formhór na dtailte mórthimpeall d’fhiontraithe Sasanacha. D’éirigh le John Bligh as Londain seilbh a fháil ar thailte go leor i gceantar Átha Buí. Tugadh an teideal Iarla Darnley ar cheann clainne mhuintir Bhligh sa bhliain 1725. Muintir Darnley a dhear an baile mar atá inniu agus a chuir forbairt an bhaile i gcrích san ochtó agus san naoú céad déag. Sa bhliain 1909, mar thoradh ar Acht Wyndham (1903), bhí sé ar chumas Éastáit Darnley an baile a dhíol agus chuir Ivo Francis Walter, Iarla Darnley, Baile Átha Buí ar ceant.
Téigí ar shiúlóid timpeall ar chosán oidhreachta Bhaile Átha Buí agus bainigí sult as stair, oidhreacht agus traidisiúin an bhaile. Tá muintir Átha Buí bródúil as an oidhreacht sin agus muiníneach as a dtodhchaí.
1 Óstán an Darnley Lodge/Díol Bhaile Átha Buí
2 Séipéal San Séamas C.R. & Dealbh an Athar Eoghan Uí Gramhnaigh
3 Teach Tábhairne Ludwidge/The Waxies Dargle
4 Iarsmaí Chaisleán Bhaile Átha Buí
5 Halla San Séamas
6 Halla Macra
7 Muilte Bhaile Átha Buí
8 An Droichead
9 Páirc na mBó
10 Uachtarlann Comharchumann Bhaile Átha Buí Teo
11 An Meal/An Gairdín Oidhreachta
12 Lóiste Bhaile Átha Buí
13 Faiche an Aonaigh
14 Teach Innill an Stáisiúin Iarnróid
15 An Póna
16 An Droichead Coise Miotail
17 Scoil Bhaile Átha Buí
18 Teach an Mhargaidh/Belle Marie Bridal Boutique
19 Tailte Eaglais na hÉireann & Tobar San Séamas
20 Ballaí Bhaile Átha Buí ag Eaglais na hÉireann agus Óstán an Darnley Lodge
21. Tlachtga
