
Is suíomh réamhstairiúil tábhachtach é Tlachtga atá in aice le Baile Átha Buí. The Hill of Ward a thugtar air i mBéarla. Ceithre ciorcal agus díoga taobh istigh dá chéile atá ann. Tá radharc ar chnoic ársa eile uaidh Thlachtga, ina measc, Teamhair, Sliabh na Caillí agus Mullach Aiti. Tá an cnoc ainmnithe i ndiaidh Tlachtga, iníon Mogh Roith. Ward ab ainm don úinéir talún a bhí ann sular dhíbir Cromail as an áit é sa 17ú haois.
Seanchas Thlachtga
De réir an tseanchais, tá an cnoc ainmnithe i ndiaidh Tlachtga, bandia na gréine in aimsir na Tuaithe Dé Danann. B’iníon í leis an draoi Mogh Ruith. Fuair sí bás ag breith triúr mac, Dorb, Cuma agus Muacth agus adhlacadh í ar an gcnoc. Dar le Seathrún Céitinn, staraí ón 17ú haois, gurbh é an tArd Rí Túathal Techtmar a thóg an dún ar Chnoc Tlachtga. Déanann an Céitinneach cur síos ar Fhéile Tine na Samhna a thosaigh anseo fadó, féile a thugtar Oíche Shamhna anois air. Ceiliúradh an fhómhair a bhí ann, aimsir idirthréimhse sna séasúir, tráth a raibh féastaí agus ceiliúradh ann le linn oícheanta fada an gheimhridh.
Seandálaíocht Thlachtga
Tugann na suirbhéanna agus na tochailtí seandálaíochta is déanaí a rinneadh ar Thlachtga le tuiscint gur úsáideadh an cnoc ársa seo i gcomhair féasta agus searmanais ón gCré-Umhaois Dhéanach (1200 – 500 R.Ch.) suas go dtí an tréimhse luath-mheánaoiseach. Bhí tábhacht ag baint leis sa tréimhse stairiúil chomh maith mar mharcáil Tlachtga an teorainn idir dhá ríocht. Ba phointe tábhachtach tionóil é i sean-ríocht na Mí, chomh maith le Teamhair, Tailteann agus Uisneach (atá san Iarmhí anois).
Stair Thlachtga ar Lean
Is ann a baineadh an cloigeann de Thighearnán Ó Ruairc. Sa darna haois déag, bhronn an tArd Rí oirthear na Mí ar Rí Bhréifne. Ní mó ná sásta a bhí Ó Ruairc a ríocht a scaoileadh uaidh le Hugh de Lacy agus na Normannaigh a tháinig go luath sna 1170í. Tháinig an bheirt le chéile ar chnoc Thlachtga. Bhí sé socraithe go mbeadh an bheirt ina n-aonar agus gan airm ag aon duine acu chun teorainn a dtaillte a phlé. Chuaigh beirt suas ar an gcnoc an lá úd ach níor fhill ach duine amháin – Hugh de Lacy. Deir daoine áirithe gur tharraing Ó Ruairc tua chatha óna chulaith agus gur ionsaigh sé De Lacy ach deir daoine eile gur baineadh a chloigeann den Ruairceach agus gur marú fealltach a bhí ann. Cuireadh a chorp go Baile Átha Cliath agus crochadh é bun os cionn ar bhalla thuaisceart na cathrach. Crochadh a chloigeann os cionn doras an chaisleáin.
Deirtear gur ann a champáil arm Chromail sa bhliain 1649. Tá sé ráite gur dhúnmharaigh saighdiúirí Chromail muintir Phluincéid an Rátha Mhóir le gunna mór ar thaobh an chnoic nuair a bhíodar ag teacht chun sos cogaidh a phlé. Maraíodh an clann uile ar an bpointe. Bhí Bantiarna Pluincéad ag breathnú ar an eachtra ó Chaisleán an Ráth Mhór. Deirtear gur cailleadh ar an bpointe í le briseadh chroí.
Deirtear gur ar Chnoc Thlachtga a bhronn Croiméal Caisleáin an Rátha Mhóir agus an t-eastát ar fad ar John Bligh. Is éard a bronnadh air ná a raibh le feiceáil aige ó bharr an chnoic, sé sin, An Ráth Mhór, Baile Átha Buí, Baile Íobhair agus Cill Dealga, 28,000 acra ar fad. Bhí na tailte seo i seilbh a shliocht go dtí an bhliain 1909.
Samhain
Is i dtraidisiún ársa na gCeilteach atá bunús Oíche Shamhna.‘Deireadh an tSamhraidh,’ an sean-bhrí a bhí leis an bhfocal ‘Samhain’. Cuireann Samhain deireadh le séasúr an fhómhair agus tús leis an mbliain nua. Tá Baile Átha Buí i gcroílár na scéalta seo.
Tá sé ráite sna sean-scríbhinní gur chruinnigh na sluaite ar Thlachtga ar Oíche Shamhna. Is ann a lasadh an tine mhór as ar las muintir na hÉireann tinte úra na bliana.
Creidtear go bhfuil dlúthchaidreamh idir ‘beo agus marbh’ ar Oíche Shamhna. Chaití cultacha agus púicíní mar chosaint in aghaidh an tSlua Sí ar an oíche sin, ar fhaitíos go bhfuadóidis thú! Chuirtí faitíos agus d’imrítí cleasanna ar na comharsain chomh maith agus ár ndóigh, nach é sin bunús ‘bob nó bia’ sa lá atá inniu ann.
